Books The Irish Language - An Ghaeilge

Sionnach, Greágóir Ó Dúill

Sionnach

Tráthnóna beag, siúlaimid i dtreo an tábhairne,

Blianta ár gcaidrimh mar chraiceann tiubh ar chomhrá.

Dul ó sholas, agus scáileanna ar thalamh,

Bícearnach codlatach éan, anonn’s anall na n-ialtóga.

Chím é, ag siúl na seaniomairí fada, é íseal, ceart,

Trasna ó chlaí go claí, ar a choimhéad ach ag seilg:

sionnach.

Imíonn díreach, gan mhoill gan deifre, ar chosa tapa,

Smut íseal, eireaball ag scuabadh drúchta. Stánaimid.

Baineann sé amach an t-ard beag, tiontaíonn,

Amharcann siar orainn faoi amhras, rian den dúshlán ann.

Fios aige nach aon díobháil sinn, téann faoi thom.

Pógaimid. Athraíonn mian. Fillimid ar theach.

…Greágóir Ó Dúill

%d bloggers like this: