Ar chuala tú an scéal faoi na 800 leanaí marbh? Tháinig gasúir ar na cnámha agus iad ag súgradh. Cá bhfios? B’fhéidir go bhfuil tú ag siúl ar chnámha. Tá go leor acu ann ar fud na tíre. B’fhéidir níos mó ná 10,000 agus ní bhfuair siad bás go nádúrtha. Droch aire agus faillí i gceist agus dúnmharú mar cuid eile de scéal na mná maslaithe cé nár Magdalenes iad sa chás seo.Níor chóir dóibh bheith ann. Tá siad ró-óg.Ní raibh rogha acu. Ní fhéach daoine san Eaglais orthu mar dhaoine ach mar pheacaigh & mar sin mharaigh siad na páistí. Ba chuma leo iad bheith beo nó marbh agus b’fhearr le cuid acu iad bheith marbh.

Single mothers are fallen women and grave sinners,

whose children are the product of wickedness

– An tAthair Cecil Barrett


Ní raibh rogha agam nuair a bhaistigh siad mé ach ba leo mé…